Tráthnóna Aoine
Sa Deireadh Fómhair dubhach
Beirt chara óg
Ag seoladh a gcurrach amach
Athair dhuine acu
Ag amharc go géar
Ón aill iargúlta
Na líonta á dtarraingt isteach
'S iad á dtarraingt aníos
Mo thrua é an lá a tharla an bá
'S iad á dtarraingt aníos
Mé fhéin 's mé suite
Ar theallach adhanta
I gcompórd feothain
Ó threascairt na dtonn
Nuacht a chrith mo cholainn
'S do reoigh mo chroí
Nuair a seoladh iad chun cuain
Na líonta á dtarraingt isteach
'S iad á dtarraingt aníos
Mo thrua é an lá a tharla an bá
'S iad á dtarraingt aníos
Tráthnóna Aoine
Sa Deireadh Fómhair dubhach
Beirt chara óg
Ag seoladh a gcurrach amach